Ireland News

Áine Ní Bhreisleáin revisits 1985 disappearance in Carna

Breis is daichead bliain ó shín, d’imigh Barbara Bhreathnach, máthair óg de sheachtar, ar iarraidh gan tasc gan tuairisc i gCarna i gcroílár na Gaeltachta. Oíche amháin i mí an Mheitheamh 1985, bhí muintir Bhreathnach ag cóisireacht sa teach tábhairne áitiúil, agus gaolta ar cuairt acu ó thar lear. D’fhill siad go teach cónaithe muintir Bhreathnach agus lean an chóisir ar aghaidh go dtí na huaireanta beaga an mhaidin sin. Chonacthas Barbara don uair dheireanach agus í ina codladh ar an tolg ag 4am. Ní

fhaca a teaghlach í ón lá sin ná ní raibh aon teagmháil léi ó shin. Cad é go díreach a tharla an oíche chinniúnach sin? Cén fáth nár tarraingíodh mórán airde ar an chás? Agus an bhfuil daoine ann go fóill ag coinneáil na fírinne faoi cheilt? Ar Seachtain, amharcann an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin siar ar an chás a tharla 41 bliain ó shin agus atá go fóill gan fhreagraí. Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín

agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism Foclóir:Ar iarraidh: Missing Sna deaga: In the teenage years Tábhairne: Pub Scaifte: Group Is cosúil: It seems Pas: Passport Módh taistil: Means of transport Tuairimíocht: Speculation In ísle brí: Depressed Fiosrúchán: Investigation Easpa: A lack of Tochaltóir: Digger Colscaradh: Divorce Ráflaí: Rumours Rún: Secret

Barbara Bhreathnach, Carna, Gaeltacht, disappearance, Seachtain, June 1985, trust project, missing person

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Are you human? Please solve:Captcha


Secret Link